Old_Test.
(Menu)
Genesis
Exodus
Leviticus
Numbers
Deuteronomy

Joshua
Judges
Ruth
1Samuel
2Samuel
1Kings
2Kings
1Chronicles
2Chronicles
Ezra
Nehemiah
Esther

Psalms
Proverbs
Job
Ecclesiastes
Song

Isaiah
Jeremiah
Baruch
Ezekiel
Daniel
Hosea
Joel
Amos
Obadiah
Jonah
Micah
Nahum
Habbakuk
Zephaniah
Haggai
Zechariah
Malachi

Tobit
Judith
1Maccabees
2Maccabees
Sirach
Wisdom
New_Test.
(Menu)
Matthew
Mark
Luke
John
Acts

Romans
1 Corinthians
2 Corinthians
Galatians
Ephesians
Colossians
1 Thessalonians
2 Thessalonians
Philemon
1 Timothy
2 Timothy
Titus

Hebrews
James
1 Peter
2 Peter
1-3John
Jude
Revelation

Ἡ Καινὴ Διαθήκη

Josephus
(Menu)
Who was Josephus?
Maps, Graphics
Highlights
Translation

THE JEWISH WAR
War, Volume 1
War, Volume 2
War, Volume 3
War, Volume 4
War, Volume 5
War, Volume 6
War, Volume 7

THE ANTIQUITIES
Ant. Jud., Bk 1
Ant. Jud., Bk 2
Ant. Jud., Bk 3
Ant. Jud., Bk 4
Ant. Jud., Bk 5
Ant. Jud., Bk 6
Ant. Jud., Bk 7
Ant. Jud., Bk 8
Ant. Jud., Bk 9
Ant. Jud., Bk 10
Ant. Jud., Bk 11
Ant. Jud., Bk 12
Ant. Jud., Bk 13
Ant. Jud., Bk 14
Ant. Jud., Bk 15
Ant. Jud., Bk 16
Ant. Jud., Bk 17
Ant. Jud., Bk 18
Ant. Jud., Bk 19
Ant. Jud., Bk 20

OTHER WRITINGS
Apion, Bk 1
Apion, Bk 2
Autobiog.


Apocrypha
(Menu)
Introduction

Gospel of--
-- Nicodemus
-- Peter
-- Ps-Matthew
-- James (Protevangelium)
-- Thomas (Infancy)
-- Thomas (Gnostic)
-- Joseph of Arimathea
-- Joseph_Carpenter
Pilate's Letter
Pilate's End

Apocalypse of --
-- Ezra
-- Moses
-- Paul
-- Pseudo-John
-- Moses
-- Enoch

Various
Clementine Homilies
Clementine Letters
Clementine Recognitions
Dormition of Mary
Book of Jubilees
Life of Adam and Eve
Odes of Solomon
Pistis Sophia
Secrets of Enoch
Tests_12_Patriarchs
Veronica's Veil
Vision of Paul
Vision of Shadrach

Acts of
Andrew
Andrew & Matthias
Andrew & Peter
Barnabas
Bartholomew
John
Matthew
Paul & Perpetua
Paul & Thecla
Peter & Paul
Andrew and Peter
Barnabas
Philip
Pilate
Thaddaeus
Thomas in India

Daily Word 2019

SEASONS of:
Advent
Christmastide
Lent
Eastertide

SUNDAYS, Year A
Sundays, 1-34, A
SUNDAYS, Year B
Sundays, 1-34, B
SUNDAYS, Year C
Sundays, 1-34, C

WEEKDAYS
(Ordinary Time)
Weeks 1-11 (Year 1)
Weeks 1-11 (Year 2)

Wks 12-22 (Year 1)
Wks 12-22 (Year 2)

Wks 23-34 (Year 1)
Wks 23-34 (Year 2)

OTHER
Solemnities
Baptisms
Weddings
Funerals
Saints Days

Patristic
(Menu)


Clement of Rome

Ignatius of Antioch

Polycarp of Smyrna

Barnabas,(Epistle of)

Papias of Hierapolis

Justin, Martyr

The Didachë

Irenaeus of Lyons

Hermas (Pastor of)

Tatian of Syria

Theophilus of Antioch

Diognetus (letter)

Athenagoras of Alex.

Clement of Alexandria

Tertullian of Carthage

Origen of Alexandria

Sacraimint na Cóineartaithe

An Cóineartú

(Sacraimint na Cóineartaithe laistigh den Aifreann)

Deasgnátha Tosaigh

Iomann (♫ Seo é an Lá ♫)

Sagart: In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh
 Pobal: Amen

Sagart: Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
 Pobal: Agus le do Spiorad féin.

GNÍOMH AITHRÍ

Sagart: A Phobail, tugaimís ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn an tAifreann a chéiliúradh.
 Pobal: Admhaím do Dhia uilechumhachtach
 agus daoibhse, a phobal,
 gur pheacaigh mé go trom,
 le smaoineamh, agus le briathar,
 le gníomh agus le faillí,
 trí mo choir féin, trí mo choir féin,
 trí mo mhórchoir féin.
 Ar an ábhar sin,
 impím ar Naomh Mhuire síor Ógh
 ar na haingil agus ar na naoimh,
 agus oraibhse, a phobail,
 guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
 Pobal: Amen.

♫ Kyrie ♫

A Thiarna, déan trócaire x 2
 A Chríost, déan trócaire x 2
 A Thiarna, déan trócaire x 2

Sagart: Glóir do Dhia sna harda.
 Pobal: Agus ar talamh siocháin do lucht dea-thola.
 Molaimid Thú. Moraímid Thú. Adhraimid Thú.
 Tugaimid glóir duit.
 Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
 A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas,
 A Dia, a Athair uilechumhachtaigh,
 A Thiarna a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
 A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athair.
 Tusa a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
 Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí
 Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn.
 Óir is Tú amháin is naofa, Is Tú amháin is Tiarna.
 Is Tú amháin is ró-ard, a Íosa Críost,
 mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an tAthair.
 Amen.

Sagart: A Dhia na cumhachta agus na trócaire, deonaigh an Spiorad Naomh a theacht, seilbh a thógáil orainn, agus teampall foirfe a ghlóire a dhéanamh dúinn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna,
 Pobal: Amen.

 

Liotúirge An Bhriathair

AN CHÉAD LÉACHT Léitheoir: (Ainm

Sliocht as leabhar Íseáia Fáidh
 (Chuir mé mo spiorad anuas ar mo shearbhónta

Seo mar a deir an Tiarna:
Seo é mo shearbhónta a bhfuil mé ag tabhairt taca dó,
 mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
 Chuir mé mo spiorad anuas air
 chun go bhfoilsí sé ceart do na ciníocha.

Glaoch ná gáir ní chuireann sé as,
 ná ní chloistear a ghlóir sa tsráid amuigh.
 Ní bhriseann sé an sifín brúite,
 ná ní mhúchann an lasair chreathánach.
Soláthraíonn sé an ceart go dílis.
Sin é Briathar Dé,
 Pobal: Buíochas le Dia.

Salm (♫ Beidh mé taobh leat. ♫)

AN DARA LÉACHT Léitheoir: (Ainm)

Sliocht As Gníomhartha Na Naspal
 (An bhfuair sibh an Spiorad ó chreid sibh?)

Tháinig Pól go hEifeasas, agus fuair sé deisceabail áirithe, agus dúirt sé leo, “An bhfuair sibh an Spiorad ó chreid sibh?” Ach dúirt siadsan leis, “Níor chualamar oiread agus an Spiorad Naomh a bheith ann.” Agus dúirt seisean, “Cad ann mar sin, ar baisteadh sibh?” Agus dúirt siad, “I mbaisteadh Eoin.” Agus dúirt Pól, “Bhaist Eoin na daoine le baisteadh aithrí, ag rá go mbíodh orthu creidiúnt sa té a bhí le theacht ina dhiaidh, is é sin le rá in Íosa.” Nuair a chuala siad é sin, baisteadh iad in ainm an Tiarna Íosa. Agus nuair a chuir Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu.
Sin é Briathar Dé
 Pobal: Buíochas le Dia.

ALLELUIA (♫ Seinn Alleluia ♫)

AN SOISCÉAL

Sagart: Go raibh an Tiarna libh.
 Pobal: Agus le do Spiorad féin.

Sliocht as an Soiscéal de réir Naomh Eoin
 (Chonaic sé an Spiorad ag teacht anuas air.)

Pobal: Glóir duit a Thiarna.
 
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas sé ina measc agus dúirt sé leo: ‘Síocháin daoibh!’ Á rá sin dó, thaispeáin sé a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic said an Tiarna. Dúirt Íosa leo ansin arís:‘Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, Táimse do bhur gcúr uaim freisin.’
 Arna rá sin do, d’análaigh sé orthu and dúirt leo:
 ‘Glacaigí an Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.’
Seo é Soiscéal Dé
 Pobal: Moladh duit, a Chríost.

Sacraimint An Chóineartaithe

Seasann na h-Iarrthóirí: agus fiafraíonn an sagart díobh cúpla ceist faoi bunús, bronntanasa agus torthai an Chóineartaithe. Ina dhiaidh sin déanann na hIarraitheori:

Athnuachan Ghealltanais An Bhaiste

Sagart: An ndiúltaíonn tú do Shátan, dá oibreacha go léir agus dá chleasa go léir?
 Iarrthóirí: Diúltaím.

Sagart: An gcreideann tú i nDia an tAthair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún?
 Iarrthóir: Creidim.

Sagart: An gcreideann tú in Íosa Chríost, mac Dé, a
 rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh,
 a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar?

Iarrthóirí: Creidim.

Sagart: An gcreideann tú sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, a thiocfaidh anuas oraibh inniu i sacraimint an Chóineartaithe mar a tháinig sé anuas ar na haspail
 lá Cincíse?
 Iarrthóirí: Creidim.

Sagart: An gcreideann tú sa Naomh Eaglais chaitliceach, i gcomaoin na Naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
 Iarrthóirí: Creidim.

Sagart: Is é seo ár gcreideamh. Is é seo creideamh na hEaglaise. Ábhar mórtais dúinn é a admháil in Íosa Críost ár dTiarna.
 Pobal: Amen

Leagadh Na Lámha

Seasann an sagart os comhair an phobail. Cuireann sé a bhosa le chéile agus deir sé:

Sagart: A phobal Dé na páirte, tríd an mBaiste rugadh an chlann seo athuair chun na beatha síoraí agus rinne Dia, an tAthair uilechumhachtach, altrama díobh.
 Iarraimis air an Spiorad Naomh a dháileadh anuas orthu go caoin chun iad a neartú le flúirse a bhronntanas agus iad a chur i gcosúlacht, trína ungadh, le Chríost Mac Dé.
 Pobal: Amen

Seal tosta chun urnaí

Ardaíonn an sagart: agus an Pobal a lámha dheasa i dtreo na nIarrthóirí agus deireann gach duine le chéile:
 Pobal: A Dhia uilechumhachtaigh, Athair ár dTiarna Íosa Críost, shaor tú do chlann anseo ón bpeaca le h-uisce agus leis an Spiorad Naomh agus bhronn tú beatha nua orthu. Tabhair dóibh an Spiorad Naomh, a Dhia, mar threoraí agus mar shólásaí. Tabhair dóibh Spiorad na heagna agus na tuisceana, Spiorad an bhreithiúnais agus an chirt, Spiorad an eolais agus an ghrá, Spiorad na hurraime Duit féin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

An tUngadh

Tagann gach iarrthóir ar leith chuig an sagart. An té a thugann iarrthóir i láthair, leagann sé nó sí a lámh ar ghualainn an iarrthóra agus insíonn sé a ainm don sagart. Tumann an sagart: a ordóg sa chriosma agus gearrann sé comhartha na croise ar chlár éadain an iarrthóra ag rá:

Sagart: A (Ainm) séalaím thú le bronntanas an Spiorad Naoimh.
 Iarrthóir Amen.

Sagart: Síocháin leat.
 Iarrthóir Agus le do Spiorad féin.

Sagart: Anois cuirfidh na daltaí a gcuid geallúintí sa chiseán, agus cuirfear ar an altóir iad.

Iomann (♫ Tar Chugam, a Spioraid Naoimh ♫)

Guí An Phobail

(Ainm) Guímid ar son ár dtuismitheoirí agus ár dtuismitheoirí baiste go spreagfar iad i gconaí chun Críost a leanúint ar feadh a saoil go léir.
 A Thiarna éist linn.
 Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

(Ainm) Guímid ar ár son féin, atá neartaithe le bronntanais an Spioraid Naoimh. A Dhia, láidrigh ár gcreideamh agus méadaigh ár gcarthanacht, Tabhair dúinn na suáilce is dual dúinn mar dhéagóirí : Glaine ár gcroí, neart ár ngéag agus beart de réir ár mbriathar.
 A Thiarna éist linn.
 Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

(Ainm) Guímíd ar son na ndaltaí agus na múinteoirí agus gach duine a oibríonn inár scoileanna. A Dhia, iarraimid ort muid a bheannú agus ár gcroíthe a oscailt roimh grá do Spiorad.
 A Thiarna éist linn
 Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

(Ainm) Guímid ar son síocháin buan le ceart agus cóir ar fud an domhain ach go háirithe in ár dtír féin.
 A Thiarna éist linn
 Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

(Ainm) Guímíd ar son na marbh. A Thiarna, tabhair cúnamh do na daoine atá imithe uainn as an saol seo, ár gcairde agus ár ngaolta ach go háirithe ______ Iarraimíd ort sólás na bhflaitheas a thabhairt dóibh.
 A Thiarna éist linn
 Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

LIOTÚIRGE NA hEOCAIRSTE

AN OFRÁIL (léite ag: Ainm)

AN BHIOBLA -- (Ainm)
Tugann (Ainm) an Bíobla suas, mar shiombal ar fhocal nó briathar Dé, a chloiseann sí féin, agus a cairde go laethúil ina thimpeallacht

FEADÓG -- (Ainm)
Tugann (Ainm) an fhéadóg suas mar chomhartha den cheol a bhíonn le cloisteáil nuair a bhímid ag seinm le chéile. Glacamid buíochas go bhfuilimid in ann an ceol seo a sheinnt agus a chloisteáil.

BLÁTHANNA -- (Ainm)
Tugann (Ainm) na bláthanna seo suas chun áilleacht na h- áite a thug Dia dúinn a chur i gcuimhne dúinn. Cabhraigh linn é a chosaint agus a chaomhnú i gcónaí.

LEABHAR CÓINEARTAITHE -- (Ainm)
Tugann (Ainm) an leabhar cóineartaithe suas mar shiombal den obair a bhíonn ar bhun aige féin agus ag gach páiste scoile.

LIATHRÓID -- (Ainm)
Tugann (Ainm)an liathróid suas mar chomhartha den spóirt agus den spraoi a bhíonn againn sa saol. Molaimid thú a Dhia as ucht an beocht agus an tsláinte seo a thabhairt dúinn.

SEAMRÓGA -- (Ainm)
Tugann (Ainm)Seamróga suas mar chomhartha dár n-oidhreacht, dár gcultúr agus dár dteanga dhúchais atá iontach tábhachtach dúinn go léir.

EALAÍN -- (Ainm)
Tugann (Ainm) Ealaín atá déanta ag Rang a 6 suas mar chomhartha den ealaín agus cruthaitheacht a bhíonn á léiriú again.

AN tARÁN -- (Ainm)
Tugann (Ainm) an t-arán suas mar chuimhneacháin ar “Arán na Beatha” a thug Íosa dúinn ag an Suipéar Deireannach.

AN FÍON -- (Ainm)
Tugann (Ainm) an fíon suas i gcuimhne ar thoradh na finiúna a d’úsaid Íosa ag an mbéile deireannach, níos mó ná dhá mhíle bliain ó shin, atá á úsáid ó shin san Aifreann.

 

Liotúirge na hEocairste

Sagart: Is beannaithe thú a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, agus déanfar de arán na beatha dúinn.
 Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Is beannaithe thú, a Thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An fhíniúin agus saothar an duine a thugann é mar thoradh, agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
 Pobal: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Guígí, a bhráithre, go nglacfaidh Dia an tAthair uile chumhachtach leis an íobairt seo uaibhse.
 Pobal: Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha chun onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinn agus dá naomh Eaglais uile. Amen

An Phaidir os cionn na nOfrálacha

Sagart: Ofráilimid na bronntanais seo duit, a Thiarna, chun buíochas a ghabháil leat as ucht do ghrá dúinn. A Thiarna, an t-arán agus an fíon a ofrálaimid anois, go gnóthaí siad d’eaglais, an t-aontas agus síocháin a chiallaítear leo. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
 Pobal: Amen

Sagart: Go raibh an Tiarna libh,
 Pobal: Agus le do Spiorad féin.

Sagart: Tógaigí bhur gcroíthe in airde.
 Pobal: Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.

Sagart: Gabhaimis Buíochas leis an Tiarna Dia
 Pobal: Is ceart agus is cóir sin

Sagart: A Dhia, ár nAthair grámhar, tá áthas orainn buíochas agus moladh a thabhairt duit, mar go bhfuil grá agat dúinn. Mar aon le hÍosa canaimid do mholadh.
 Pobal: Glóir do Dhia sna harda

Sagart: De bhrí go bhfuil grá agat dúinn, thug tú dúinn an domhan mór álainn seo. Mar aon le hÍosa, canaimid do mholadh:
 Pobal: Glóir do Dhia sna harda

Sagart: De bhrí go bhfuil grá agat dúinn, chuir tú do Mhac Íosa chun sin a thabhairt chugat, agus chun sin a bhailiú thart air mar chlann an aon teaghlaigh. Mar aon le hÍosa, canaimid do mholadh:

Sagart: Ar son an ghrá mhóir seo, tugaimid buíochas duit, mar aon leis na haingil agus leis na naoimh agus canaimid do mholadh mar aon leo.
 Pobal: Glóir do Dhia sna harda

Sagart: Ar son an ghrá mhóir seo, tugaimid buíochas duit, mar aon leis na haingil agus leis na naoimh agus canaimid do mholadh mar aon leo.

SANCTUS
 Is Naofa, Naofa, Naofa Tú,
 A Thiarna, Dia na Slua.
 Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
 Hósánna sna harda.
 Is beannaithe an Té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
 Hósanna sna harda

Sagart: Moladh le hÍosa, a chuir tú le bheith ina chara ag na páistí agus ag na boicht. Tháinig sé le léiriú dúinn go dtugaimid grá duitse, a Athair, trí ghrá a thabhairt dá chéile. Tháinig sé le peacaí a thógáil dínn, óir is é an peaca a cheileann an cairdeas orainn, agus le fuath a thógáil dínn, óir is é an fuath a cheileann an sonas orainn. Gheall sé an Spiorad Naomh a chur anuas chun fanacht linn go deo, ionas gur féidir linn maireachtáil mar do chlann.
 Pobal: Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna. Hósanna sna harda.

Sagart: A Dhia, ár nAthair, iarraimid anois ort do Spiorad Naomh a chur anuas chun go ndéanfar de na tabhartais seo, Corp agus Fuil Íosa Críost, ár dTiarna. An oíche sula bhfuair sé bás, thaispeáin do Mhac Íosa méid do ghrá dúinn. Nuair a bhí sé ag caitheamh an tsuipéir in éineacht lena dheisceabail, thóg sé arán agus thug buíochas agus moladh duit. Ansin bhris sé an t-arán agus thug dá dheisceabail é, á rá:

GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SEO
 ÓIR IS É SEO MO CHORP
 A THABHARFAR AR BHUR SON.
 Pobal: Thug Íosa a bheatha ar ár son.

Sagart: Nuair a bhí an suipéar thart, ghlac Íosa an chailís a bhí lán fíona. Thug sé buíochas duit agus thug dá chairde í a rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO
 ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUIL AN NUATHÍOMNA SHÍORAÍ.
 DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS AR SON
 MÓRÁIN CHUN MAITHIÚNAS NA BPEACAÍ.
 DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.
 Pobal: Thug Íosa a bheatha ar ár son.

Sagart: De réir sin, a Athair ghrámhair, cuimhnímid go bhfuir Íosa bás agus gur éirigh se arís chun an domhan a shlánú. Thug sé é féin dúinn le go mb’eisean an íobairt.
 Pobal: Molaimid thú, móraimid thú, tugaimid buíochas duit.

Sagart: A Thiarna ár nDia, éist lenár nguí. Cuir an Spiorad Naomh ar gach duine againn atá páirteach le chéile sa bhéile seo. Go gceanglaí an Spiorad seo níos dlúithe sinn i dteaghlach na hEaglaise mar aon lenár bPápa Proinsias, lenár nEaspag, leis na heaspaig uile agus le gach aon duine a dhéanann freastal ar do phobal.
 Pobal: Molaimid thú, móraimid thú, tugaimid buíochas duit.

Sagart: Cuimhnigh, a Athair, ar ár dteaghlach is ar ár gcairde agus orthu
 sin uile nach bhfuil grá mar is ceart againn dóibh. Cuimhnigh
 orthu sin a fuair bás. Tabhair chugat abhaile iad le go mbeidh
 siad i do chuideachta go brách.
 Pobal: Molaimid thú, móraimid thú, tugaimid buíochas duit.

Sagart: Bailigh sinn uile le chéile i do ríocht. Beidh aoibhneas orainn go brách ansin i gcuideachta na Maighdine Muire, Máthair Dé, agus ár máthair féin. Ansin canfaidh cairde uile an Tiarna Íosa amhrán lúcháire.
 Pobal: Molaimid thú, móraimid thú, tugaimid buíochas duit.

Sagart: Is tríd, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a dhia an tAthair uilechumhachtach, in aontacht leis an Spiorad Naoimh, trí shaol na saol.
 Pobal: Amen

 

Deasghnátha na Comaoineach

Sagart: Gúimis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
 Pobal: Ár nAthair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht,
 go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar Neamh.
 Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha,
 mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin
 agus ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó olc.

(Tagann na daltai timpeall ar an altóir, chun an Comaoineach Naofa a gabháil).

Sagart: Saor sinn ó gach olc, impímid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn
 síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire,
 saor ón bpeacaí í gcónaí agus slán ón uile bhuairt agus sinn
 ag súil go lúcháireach le teacht ár Slànaitheoira, Íosa Críost
 Pobal: Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir trí shaol na saol. Amen

Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspal: Fágaim Síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin. Ná féach ar ár bpeacaí ach ar chreideamh d’eaglaise. Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
 Pobal: Amen

Sagart: Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
 Pobal: Agus le do Spiorad féin.

Sagart: Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.

Pobal:
 A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.

 A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn.
 A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.

Sagart: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
 Pobal: A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

(Ainm) Paidir Roimh Chomaoineach

(♫ IOMAINN CHOMAOINEACH ♫
 1. Bailímis le Chéile
 2. A Mhuire Mháthair
 3. A Thiarna Chugat mé)

(Ainm) Paidir tar éis Comaoineach

IARCHOMAOINEACH

Sagart: A Thiarna, an mhuintir a d’ungaigh tú leis an Spiorad Naomh,
 chothaigh tú iad le sacraimint do Mhic. Tar i gcabhair orthu
 feasta le do bheannacht agus saor iad ó gach anachain agus go
 gcuire siad chun cinn í lena mbearta agus lena ndéirc. Sin é ár
 guí chugat trí Chríost ár dTiarna.
 Pobal: Amen

Deasghnátha Deiridh

Sagart: Bhronn Dia an tAthair uilechumhachtach beatha nua oraibh le
 huisce agus leis an Spiorad Naomh, agus rinne sé clann altrama díobh. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus go gcoinní sé sibh faoina choimirce agus a ghrá.
 Pobal: Amen

Sagart: Gheall Íosa Críost, aon Mhac Dé, go bhanfadh Spiorad na fírinne lena Eaglais go bráth. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus go neartaí sé sibh lena chumacht chun an fíorchreideamh a fhógairt.
 Pobal: Amen.

Sagart: Las an Spiorad Naomh tine an ghrá i gcroíthe na ndeisceabal. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus go dtreoraí sé sibh slán i dteannta a chéile isteach i ríocht Dé.
 Pobal: Amen

Sagart: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh. Athar, Mac agus Spiorad Naomh.
 Pobal: Amen

Sagart: Tá an tAifreann thart, imigí faoi shíocháin chun grá agus seirbhís a thabhairt don Tiarna.
 Pobal: Buíochas le Dia

Iomann ♫ Siúl i Solas Dé ♫


♫ Iomanna ♫

1. Seo é an Lá
 Can, can , can Alleluia,
Seo é an lá a thug an Tiarna dúinn.
Seinn, seinn, seinn Alleluia,
Seo é an lá a thug an Tiarna dúinn

Bíodh orainn gliondar is áthas,
Seo é an lá a thug an Tiarna duinn,
Bíodh orainn gliondar croí,
Seo é an lá.

Seinn ceol ag moladh an Tiarna,
Seo é an lá a thug an Tiarna dúinn.
Bíodh orainn gliondar croí.
Seo e an lá.

2. A Thiarna Déan Trócaire.

3. Beidh mé taobh leat
 Ná bíodh eagla ort óir beidh me taobh leat,
Beidh mé taobh leat, beidh mé ann, liomsa thú. X2

Nuiar a théann tu san uisce beidh mé taobh leat.
 Ní scaoilfidh mé mo ghreim ort go deo.

Agus lasracha ag ardú i do thimpeall,
 Ná bí buartha, beidh mé ann le do thaobh.

Nuair a shiúlann tú trí ghleannta an uaignis,
 Cuimhnigh ansin go bhfuilim le do thaobh.

4. Seinn Alleluia

5. Tar Chugam, a Spioraid Naoimh
Tar chugam, a Spioraid Naoimh, tar chugam.

Tar chugam is cabhraigh liom chun ‘bheith lách.
Tar chugam is cabhraigh liom chun ‘bheith foighneach.

6. Bailímis le Chéile

Bailímis le chéile le suaimhneas agus grá.
Bailímis le chéile le suaimhneas agus grá.
Spioraid Dé ionainn thar timpeall orainn,
Trínn linn agus ionainn.

7. A Mhuire Mháthair

A Mhuire Mháthair, sé seo mo ghuí,
Go mairfidh Íosa go deo im chroí,
 Ave Maria, mo ghrá Ave,
 Is tusa mo Mháthair is Máthair Dé.

A Mhuire Mháthair atá lán de ghrás,
Go raibh tú taobh liom ag uair mo bhás,
 Ave Maria, mo ghrá Ave,
 Is tusa mo mháthair is Máthair Dé.

A Mhuire Mháthair, i rith mo shaoil,
Bí liom mar dhídean ar gach aon bhaol.
 Ave Maria, mo ghrá Ave,
 Is tusa mo Mháthair is Máthair Dé.

8 .Tiarna Chugat Mé

Mise Rí gach ní fén spear. Chuala mé mo dhaoine ag glaoch.
 Cách atá i bpeaca trom, slánóidh mé iad.
 Chruthaigh me gach réalt sa spear, gealfaidh mé an dorchadas.
 Cé bhéarfaidh solas dóibh? Cé chuirfidh mé?

A Thiarna chugat mé, ‘bhfuilim uaitse?
 Chuala mé do ghlaoch i rith na hoích’.
 Rachaidh mé leat má threoraíonn tú,
 Coinneoidh mé do phobal i mo chroí.

Mise Rí na haimsire, d’iompair mé an phian do chách.
Shil mé deora le grá dóibh, iompaíonn siad uaim.
 Leagfaidh mé a gcríothe crua, lionfad iad le mo ghrá.
 Labharfaidh mé mo bhriathar leo, cé cuirfidh mé?

9. Siúl i Solas Dé

Tagaimís le chéile os comhair an Rí,
Siúl, siúl i solas Dé.
 Agus canaimis le chéile le grá ‘nár gcroí,
Siúl, siúl i solas Dé.

Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé,
Siúlaimis i Solas Dé.

Is guímid le chéile dár nAthair thuas
Siúl, siúl i Solas Dé,
Go gcuire sé a chabhair anuas
Siúl, siúl i Solas Dé,

Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé, Siúl i Solas Dé,
Siúlaimis i Solas Dé.